Céard is Seachtain na Sábháilteachta Dóiteáin ann?

Is mar gheall ar Thine Mór Chicago, a tharla an 8 Deireadh Fómhair, 1871, a bunaíodh Seachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin. D’fhógair iarUachtarán Mheiriceá, Calvin Coolidge, an chéad Seachtain Náisiúnta um Chosc Dóiteáin sa bhliain 1925 i gcuimhne na ndaoine a bhásaigh sa Tine sin. Reáchtáiltear an tseachtain sin ó shin i leith i dtús mhí Dheireadh Fómhair i dtíortha ar fud an domhain.
Is iomaí bliain atá caite ón gcéad seachtain sin agus tá an teachtaireacht maidir le cosc dóiteáin agus sábháilteacht dóiteáin chomh hábhartha sa lá atá inniu ann agus a bhí riamh.
Is é “Sábhálann Aláraim Deataigh atá i Riocht Oibre Beatha – Déan d’Aláraim a Thástáil uair sa tSeachtain” téama na bliana seo.
Suiteáil aláraim deataigh inniu agus déan cinnte go bhfuil said i riocht maith oibre. Tabharfaidh aláraim deataigh atá i riocht oibre foláireamh duit má tá tine ann. Cuimhnigh: Ní bhfaigheann tú boladh ar bith fad is atá tú i do chodladh agus tá deatach in ann codladh níos troime a chur ort.
Má tá duine sa teach atá bodhar nó a bhfuil laige éisteachta air, tá seans ann nach gcloisfeadh siad rabhadh inchloiste ó aláram deataigh, e.g. i gcás nach bhfuil áis éisteachta á caitheamh acu i gcaitheamh na hoíche. Tá córais aláraim deataigh ar an margadh a úsáideann stróbshoilse nó pillíní creathacha chun foláireamh a thabhairt do dhuine i ndáil le tine. Cuireann siad sin rabhadh níos fearr ar fáil do dhaoine a bhféadfadh deacracht a bheith acu aláram deataigh le rabhadh inchloiste a chloisteáil.
Is féidir aláraim deataigh a thástáil tríd an gcnaipe tástála a bhrú le barr coise scuaibe.
Athraigh na ceallraí san aláram nuair nach bhfuil siad ag obair agus athraigh iad uair sa bhliain i ngnáthaláraim, nó chomh luath is a chloiseann tú an séid foláirimh.
Má tá aláraim deataigh 10 mbliana agat ní mór duit aláram nua ar fad a fháil nuair atá an 10 mbliana sin caite.
Bíodh ar a laghad aláram dóiteáin amháin agat ar gach urlár. Suiteáil na haláraim deataigh idir seomraí codlata agus idir an chistin agus seomraí suite – ceann sa halla ar urlár na talún agus ceann ar gach aon leibhéal os a chionn sin, ag ceann an staighre. Chun cosaint níos fearr fós a fháil, d’fhéadfaí smaoineamh ar aláraim deataigh a shuiteáil sna seomraí suite, sa chistin agus i seomraí leapa ina mbíonn daoine leochaileacha, nó i seomraí leapa ina bhfuil teilifíseán nó fearas mór leictreach (amhail ríomhaire). (D’fhéadfaí smaoineamh ar aláraim teasa a fháil i gcás go ndéanfadh múch ó chócaireacht nó deatach ó thoitíní nó ó thinte oscailte na haláraim a chur ag imeacht nuair nach bhfuil sin uait.)
Socraigh na haláraim deataigh ag leibhéal na síleála i gcomhréir le treoracha an déantóra.
Déan na haláraim a ghlanadh le folúsghlantóir go rialta agus glan an clúdach le héadach. D’fhéadfadh sé tarlú nach n-oibreodh siad i gceart má éiríonn siad blocáilte le dusta.
Déan do chuid le linn Sheachtain Náisiúnta na Sábháilteachta Dóiteáin. Caith súil ar an gcuid eile den láithreán gréasáin agus faigh amach mar is féidir leatsa dóiteáin a chosc agus a bhrath i do theachsa. D’fhéadfadh siad tú a thabhairt slán lá éigin!
Nithe le tabhairt faoi deara
- Déan cinnte go bhfuil toitíní múchta i gceart sula dtéann tú a chodladh
- Bí níos cúramaí i gcás go bhfuil ól déanta agat nó i gcás go bhfuil fonn codlata ort
- Ná cath tobac sa leaba riamh
- Coinnigh cipíní solais agus lastóirí in áit nach bhféadfaidh leanaí lámh a leagan orthu
- Is de bharr ionanálú deataigh a bhásaíonn an chuid is mó daoine a fhaigheann bás i ndóiteáin agus ní de bharr dó agus d’fhéadfadh duine bás a fháil de bharr ionanálú deataigh taobh istigh de 3 nóiméad
- Suiteáil aláraim deataigh agus déan é a sheiceáil go rialta chun a chinntiú go bhfuil sé i riocht iomlán oibre
- Bíodh plean éalaithe agat, bíodh sé ar eolas ag do theaghlach ar fad agus déanaigí é a chleachtadh go rialta.