
Frequently Asked Questions
Typical Fire Safety Questions
1. An SNBDÉ
Cé hiad an SNBDÉ?
Bunaíodh an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (SNBDÉ) in 2009. Is rannóg sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta muid, a chomhordaíonn freagairtí éigeandála agus a thugann tacaíocht do Sheirbhís Dóiteáin na hÉireann.
Faigh tuilleadh eolais ar obair an SNBDÉ ar gov.ie.
2. Sábháilteacht Dóiteáin
Cad í an Scéim Aláraim Deataigh Pobail?
Soláthraíonn an Scéim Aláraim Deataigh Pobail aláraim dheataigh saor in aisce do theaghlaigh leochaileacha. Clúdaíonn an Roinn an costas a bhaineann leis an aláram a cheannach agus clúdaítear gach costas eile go háitiúil. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas iarraidh go bhfeisteofar aláram deataigh sa bhaile mar chuid den Scéim Aláraim Deataigh Pobail, déan teagmháil le do Sheirbhís Dóiteáin áitiúil.
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil chun go bhfeisteofar aláram deataigh sa bhaile? Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má bhíonn fadhb agam maidir le shuiteáil m’aláraim deataigh?
Ba cheart duit dul i dteagmháil le do Sheirbhís Dóiteáin áitiúil má theastaíonn cúnamh uait chun aláram deataigh a fheistiú sa bhaile. Faoin Scéim Aláraim Deataigh Pobail, a sholáthraíonn aláraim dheataigh saor in aisce do theaghlaigh leochaileacha, d’fhéadfá a bheith incháilithe chun go bhfeisteofar aláram deataigh sa bhaile saor in aisce.
Cé mhéad aláram deataigh a theastaíonn uaim?
Ar mhaithe le cosaint uasta, aláram deataigh amháin in aghaidh an tseomra ach amháin an seomra folctha, an chistin agus an garáiste. Féadfar aláraim theasa a mheas sa chás go bhféadfadh múch ó chócaireacht nó deatach ó thoitíní nó ó thinte oscailte a bheith ina cúis le gníomhachtú aláraim nach dteastaíonn.
Chun cosaint íosta a fháil, aláram deataigh amháin do gach leibhéal/urlár do thí.
Cad is an tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán ann?
Comhthionscnamh le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann is ea an tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ó Dhóiteán, a bhfuil sábháilteacht dóiteáin a fheabhsú, go háirithe sa bhaile, i gceist léi.
Is é Dóiteán Mór Chicago, a tharla ar an 8 Deireadh Fómhair 1871, atá mar fhréamhacha na Seachtaine Náisiúnta um Shábháilteacht ó Dhóiteán. D’fhógair iarUachtarán Mheiriceá, Calvin Coolidge, an chéad tSeachtain Náisiúnta um Chosc Dóiteáin in 1925 i gcuimhne orthu siúd a cailleadh sa dóiteán sin. Ó shin i leith, bíonn sí á coimeád go luath gach mí Dheireadh Fómhair i dtíortha ar fud an domhain.
De ghnáth bíonn an tSeachtain um Shábháilteacht ó Dhóiteán ar siúl i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair.
3. Gairmeacha i Seirbhís Dóiteáin na hÉireann
Cá bhfaighidh mé folúntais reatha do Sheirbhís Dóiteáin na hÉireann? Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghairmeacha i Seirbhís Dóiteáin na hÉireann?
Is iad Údaráis Dóiteáin aonair a láimhseálann earcaíocht ar bhonn áitiúil do Sheirbhís Dóiteáin na hÉireann. Chun liosta a fháil de leathanaigh earcaíochta uile na nÚdarás Dóiteáin, tabhair cuairt ar an leathanach ‘Folúntais Reatha’. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghairmeacha i do cheantar féin, molaimid teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an údarás dóiteáin sa cheantar inar mian leat fostaíocht a lorg.
