Próiseas Roghnúcháin agus Oiliúint

Eolas ar Scrúduithe Oiriúnachta agus ar an bPróiseas Iarratais

Tá Seirbhís Dóiteáin na hÉireann tiomanta d’fhórsa saothair a fhostú a léiríonn Éire nua-aimseartha agus na daoine ar a bhfreastalaíonn siad. Is rogha é d’aon duine a bheith mar Chomhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht, beag beann ar náisiúntacht, inscne nó cúlra.

Cé nach bhfuil aon scrúdú caighdeánaithe nó próiseas roghnúcháin ar fud na 27 Seirbhís Dóiteáin, tá breac-chuntas déanta againn thíos ar roinnt de na cineálacha tástála, agallaimh agus measúnaithe leighis a d’fhéadfadh a bheith riachtanach duit a dhéanamh.

Beidh ort roinnt gnéithe éagsúla den oiliúint a chur i gcrích, cuirtear síos ar cuid acu thíos:

Tástáil

Le bheith i do Chomhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht, d’fheadfaí go mbeadh ort pas a fháil sna scrúduithe seo a leanas:

  • Triail Inniúlachta Litearthachta agus Uimhearthachta – scrúdú bunúsach gairid ar léitheoireacht, ar scríbhneoireacht, ar mhatamaitic agus ar ríomh ama
  • Scrúdú Síciméadrach / Inniúlachta – scrúduithe atá deartha chun pearsantacht agus breithiúnas de réir ócáide an iarrthóra a mheasúnú
  • Scrúdú ar Scileanna Oibriúcháin – d’fheadfaí go mbeadh scrúdú deaslámhachta/trealaimh, scrúdú dréimire (dréimire na seirbhíse dóiteáin a leathnú agus dréimire a dhreapadh) agus áit chúng/scrúdú clástrafóibe mar chuid dó
  • Measúnú Fisiciúil – scrúdú lena chinntiú go bhfuil an t-iarrthóir aclaí go leor chun tascanna a dhéanamh atá dian ar an gcorp agus ar an inchinn.
Oiliúint ar Dhréimire Dóiteáin

Agallamh Foirmiúil

Is deis é an t-agallamh seo duit fianaise a thabhairt ar do chuid eolais, scileanna agus taithí agus is deis é don tSeirbhís Dóiteáin chun d’oiriúnacht do ról mar chomhraiceoir dóiteáin a mheas.

Measúnú Leighis

Má éiríonn leat san agallamh, cuirfear ceist ort freastal ar scrúdú dochtúra le Dochtúir agus Altra Sláinte Ceirde.

Oiliúint

Ní mór do Chomhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht dul faoi oiliúint lena n-áirítear:

  • Scileanna múchta tine – sábháilteacht dréimire, leagan píobáin, úsáid trealaimh tráchta bóthair, feasacht bhunúsach ar ábhair ghuaiseacha, sábháilteacht dóiteáin agus úsáid múchtóirí dóiteáin
  • Oiliúint Gaireas Análaithe – Tá an oiliúint seo deartha lena chinntiú go dtuigeann daoine aonair conas gaireas análaithe a úsáid go sábháilte agus go héifeachtach i dtimpeallachtaí ina bhféadfadh an t-aer a bheith guaiseach nó ina bhfuil easpa ocsaigine ann
  • Oiliúint Iompraíochta Dóiteáin Urraine – Tá sé mar aidhm ag an oiliúint seo eolas agus tuiscint na foirne a fhorbairt maidir le forbairt dóiteáin, ar a iompraíochtaí, ar chomharthaí agus ar léirithe maidhmeanna tine agus ar ais-siorraí, agus ar conas na coinníollacha a rialú agus tionchar a imirt orthu ar mhaithe leis an bhfoireann
  • Oiliúint Éigeandála an Chéadfhreagróra – oiliúint i measúnú agus i mbainistíocht cúraim othar sa timpeallacht réamh-ospidéil le haghaidh raon éigeandálaí coitianta leighis agus tráma
  • Láimhseáil Daoine/Othar – Tá an oiliúint seo deartha chun treoir a thabhairt d’fhostaithe maidir le teoiric agus cleachtas um láimhseáil sábháilte othar
  • Oiliúint Tarrthála Uisce Sciobtha – Tugann an oiliúint seo na scileanna d’earcaigh chun tarrthálacha teicniúla a dhéanamh i dtimpeallacht uisce sciobtha agus tuilte agus cuirtear oiliúint bunaithe ar chásanna in áireamh leis seo.
Oiliúint ar Bhealach Isteach
Scroll to Top