Staitisticí Dóiteáin

Staitisticí a bhaineann le cosc dóiteáin, gníomhaíochtaí briogáide dóiteáin, láithreacha dóiteáin, cúiseanna dóiteáin agus básanna dóiteáin.

Cuireann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta staitisticí maidir le dóiteáin agus glaonna éigeandála eile ar dhéileáil briogáidí dóiteáin na n-údarás áitiúil leo i rith na bliana ar fáil gach bliain. An Roinn a chuireann na staitisticí maidir leis an líon daoine a bhásaigh i dtine i dtoll a chéile don bhliain chomh maith. Tá na staitisticí bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis dóiteáin agus is féidir féachaint orthu thíos.

Cúiseanna Dóiteáin

Le cúig bliana anuas (idir 2021 agus 2025), ba iad tinte simléir an phríomhchúis le tinte i dtithe in Éirinn arbh ionann iad agus 40% de na tinte ar fad ina raibh an chúis ar eolas. Le riosca tinte simléir a íoslaghdú, déan cinnte go nglantar do shimléir uair sa bhliain ar a laghad agus bain úsáid as sciath spréach le tinte oscailte. B’ionann dó bruscair agus 15% de na tinte i dtithe, a léiríonn an tábhacht a bhaineann le dramhaíl a dhiúscairt go sábháilte

Cúiseanna Dóiteán - 2021 go 2025
* Léiríonn an Chairt cúiseanna na dtinte a raibh cúis an dóiteáin ar eolas ina leith. B’ionann cúiseanna anaithnide agus 29,502 dóiteáin le linn na tréimhse seo.

Básanna de bharr Dóiteáin

Le cúig bliana anuas, tharla 115 bás de bharr dóiteáin.

Bhí 54% de na daoine a fuair bás i dtine idir 2021 agus 2025 os cionn 65 bliain d’aois. Má tá gaol nó comharsa scothaosta agat, smaoinigh ar sheiceáil isteach leo chun a chinntiú go bhfuil aláram deataigh atá ag obair acu agus go bhfuil plean aslonnaithe i bhfeidhm acu.

As na cúiseanna aitheanta dóiteáin as ar tháinig básanna, bhain 24% díobh le caitheamh tobac nó le hábhair chaitheamh tobac. Chun cabhrú leis na rioscaí dóiteáin a bhaineann le caitheamh tobac a laghdú, lean an chomhairle seo:

  • Ná caith tobac sa leaba nó nuair a bhíonn tuirse ort
  • Déan toitíní a dhiúscairt go cúramach i luaithreadán (ná cuir i mbosca bruscair riamh iad)
  • Ná caith tobac in aice le hábhair inadhainte – is féidir le troscán, leapachas agus cuirtíní dul trí thine ón spréach is lú
Scroll to Top