Phone: 01 888 2000 | Email: firesafety@housing.gov.ie
D’fhéadfá bás a fháil mar gheall ar ionanálú deataigh in imeacht 3 nóiméad.
D’fhéadfá do bheatha a shábháil trí Sheiceáil Rialta a dhéanamh maidir le Sábháilteacht Dóiteáin.Ag tacú leis na Seirbhísí Dóiteáin in Éirinn
Bunaíodh an Stiúrthóireacht Náisiúnta Bainistíochta Dóiteáin agus Éigeandálaí (NDFEM) in 2009. Is rannóg sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta í an Stiúrthóireacht a chomhordaíonn freagairtí éigeandála agus a thugann tacaíocht do Sheirbhís Dóiteáin na hÉireann lena n-áirítear an tsábháilteacht dóiteáin a chur chun cinn.
Tacaíonn NDFEM leis na seirbhísí dóiteáin trí threoirlínte oibre agus sábháilteachta do chomhraiceoirí dóiteáin a uasdhátú, trí chlár oiliúna lárnaigh a chur ar fáil, trí threoir a eisiúint maidir le cúrsaí oibríochtúla agus maidir le hábhair eile lena mbaineann agus trí thacaíocht maoinithe caipitil a chur ar fáil d’fhearas agus do thionscadail tosaíochta bonneagair.
Oibríonn NDFEM le ranna eile rialtais agus leis na hÚdaráis Áitiúla chun pleananna comhordaithe a dhéanamh chun déileáil le mór-éigeandálaí amhail drochaimsir nó tuile.
9ú – 17ú Deireadh Fómhair 2023
Téama: “Níos Sábháilte le Chéile”.
Tá sé mar aidhm ag Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin sábháilteacht dóiteáin a fheabhsú, go háirithe sa bhaile.
Sa domhan oibre cumaisc nua tá go leor againn ag caitheamh níos mó ama sa bhaile agus mar sin tá sé níos tábhachtaí ná riamh go gcuirfí ar an eolas sinn go léir faoi na céimeanna is féidir linn a ghlacadh chun sinn féin agus ár dtithe a chosaint ó dhóiteán.
An bhliain seo don tSeachtain Sábháilteachta Dóiteáin beimid ag díriú go háirithe ar shábháilteacht dóiteáin sa bhaile agus go bhfuilimid “Níos Sábháilte le Chéile”.
Spreagfar daoine le seiceáil isteach ar a gcomharsana sa Chomhphobal, go háirithe Daoine Scothaosta agus leochaileacha.