Assembly Point
Assembly Point

Leideanna

Cosc

Moltar na bearta coiscthe dóiteáin seo a leanas a ghlacadh i reáchtáil laethúil an áitribh:

Bruscar agus Dramhaíl: Ba cheart socruithe a dhéanamh chun dramhaíl a bhailiú agus a aistriú go rialta.

Caitheamh Tobac: San áit ina gceadaítear é, ba cheart go mbeadh caitheamh tobac teoranta do limistéir cheadaithe. I limistéir caithimh tobac, ba cheart go mbeadh luaithreadáin oiriúnacha curtha ar fáil. Ba cheart luaithreadáin a fholmhú go minic isteach i mboscaí bruscair miotail agus aon ábhar gríosaí a mhúchadh roimh ré.

Suiteálacha agus Fearais Leictreacha: Ba cheart do chonraitheoir inniúil cláraithe leictreachais iniúchadh agus tástáil a dhéanamh ar an tsuiteáil leictreach de réir Chaighdeán na hÉireann 10101. Ba cheart oiliúint a chur ar an bhfoireann chun trealamh leictreach a úsáid i gceart agus go sábháilte, agus chun trealamh leictreach lochtach a thuairisciú.

Stóráil Sorcóirí/Cartús Gáis: I gcás ina stóráiltear sorcóirí gáis brúchóirithe i bhfoirgnimh, ba cheart go mbeadh an stóráil i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha. Ba cheart leachtanna inadhainte a stóráil i gcoimeádáin dhúnta.

Gaothairí: Ba cheart aon scagairí, gaothairí, pointí rochtana, gaothráin, etc. a ghlanadh go rialta ó ola, gréisc agus dusta.

Bí ullmhaithe

Plean Aslonnaithe: Bíodh plean aslonnaithe agat a bhfuil gach duine ar an eolas faoi. Ba cheart druileanna a ionsamhlaíonn cásanna dóiteáin agus éigeandála a dhéanamh ar bhonn rialta.

Coinnigh Bealaí Éalaithe Glan: Cinntigh go bhfuil gach bealach éalaithe gan bhac, go gcoinnítear doirse dó-obacha dúnta, agus go bhfuil doirse éalaithe éasca le hoscailt i gcónaí

Nósanna Imeachta: Cuir na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm agus cuir in iúl don Fhoireann iad:

  • nós imeachta aird a ardú ar an aláram;
  • nós imeachta do na daoine san áitreabh, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
  • nós imeachta chun glaoch ar an tseirbhís dóiteáin;
  • nós imeachta chun tuairisciú chuig pointe(í) tionóil réamhshocraithe agus chun an cás a chur in iúl do dhuine/do dhaoine ainmnithe;
  • nós imeachta chun cuntas a thabhairt ar gach duine san áitreabh;
  • nós imeachta chun cabhrú leis an tseirbhís dóiteáin ar theacht dóibh.

Maoir Dhóiteáin Ainmnithe: Maoir dhóiteáin a cheapadh agus a oiliúint atá freagrach as na nósanna imeachta thuas a threorú.

Treoracha Sábháilteachta Dóiteáin d’Áititheoirí: Chomh maith le treoracha don fhoireann, ba cheart treoracha scríofa maidir leis an ngníomh atá le déanamh ag áititheoirí foirgnimh má thagann siad trasna ar thine nó má chloiseann siad an t-aláram dóiteáin a bheith in áiteanna feiceálacha ar fud an fhoirgnimh.

Conas múchtóir dóiteáin a úsáid
Scroll to Top