Buntáistí d’Fhostaithe

Na buntáistí a bhaineann le Comhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht maidir le d’Eagraíocht

Cé dó é seo? GACH DUINE

Tá an tseirbhís seo de dhíth orainn go léir agus is féidir linn go léir cuidiú a thabhairt
Is ar mhaithe lenár bpobal atá sé
TÁ DO CHUIDIÚ DE DHÍTH ORAINN

Comhraiceoir Dóiteáin

Cén fáth?

  • Daoine Oilte
  • Seirbhís Phobail Riachtanach
  • Freagracht Shóisialta

Cinnteacht Phoist

  • Tugann ról seasta buan cinnteacht tionachta agus cuidíonn sé le cinnteacht a fháil i róil eile

Freagracht Shóisialta Corparáide

  • Tá ról lárnach ag Comhraiceoirí Dóiteáin i bpobail áitiúla. Cuidíonn tú le do phobal féin nuair a thacaíonn tú leis an tseirbhís dóiteáin
  • Tá freagracht sa phobal níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh
  • PR maith – Is dea-scéala atá i gceist leis seo. Cuir do ghnó chun cinn sa phobal agus léirigh tacaíocht do d’fhostaithe

Scileanna chun cuidiú le do ghnó

  • Bainistíocht éigeandála
  • Cosc Dóiteáin
  • Garchabhair agus Céad Fhreagartha Chairdiach
  • Pleanáil Réamhtheagmháis
  • Oiliúint ar Láimhsiú Sábháilte

Scileanna ar feadh an tSaoil

  • Obair Foirne
  • Ceannaireacht
  • Intinn ghéar
  • Tiomantas
  • Féinsmacht
  • Acmhainneacht

Solúbthacht

  • Tá seachtain saor ag Comhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht anois do gach seachtain a mbíonn siad ag obair
  • Ní fhreagraíonn Comhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht ach nuair a bhíonn siad de dhíth

Foireann Shláintiúil agus Tacaíocht acu

  • Cúram Sláinte, Sláinte Cheirde agus Scagthástáil Sláinte i bhfeidhm
  • Tá fáil ag gach ball ar thacaíochtaí síceolaíochta gairmiúla

Sábháilteacht Dóiteáin sa Phobal

  • Cuireann Comhraiceoirí Dóiteáin oideachas ar scoileanna agus ar phobail áitiúla
  • Tá fiontraíochtaí áitiúil mar chuid den réiteach maidir le sábháilteacht dóiteáin
  • Coinnigh do phobal féin slán
  • Sábháilteacht Dóiteáin sa Phobal
Comhraiceoir Dóiteáin Tesco

Cad is féidir leat a dhéanamh?

  • Cuir d’fhostaithe ar an eolas faoi fheachtas earcaíochta atá ar bun i do stáisiúin dóiteáin áitiúil
  • Smaoinigh ar aon fhostaithe a d’fhéadfadh a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar na poist mar Chomhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht agus déan a n-iarratas a éascú
  • Éascaíocht a dhéanamh ar scaoileadh aon fhostaithe rathúla nuair a iarrtar orthu dá ról mar Chomhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht

Cad a deir ár bhFostóirí reatha faoinár gComhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht a fhostú?

Eddie Hickey agus Comhraiceoirí Dóiteáin Autolaunch

Eddie Hickey Uasal Stiúrthóir Bainistíochta ag AutoLaunch Ltd. Muine Bheag:

An buntáiste is mó faoi Chomhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht a fhostú ná ár dtacaíocht don phobal iomlán.

Buntáiste mór eile ná gairmithe seirbhíse éigeandála ardoilte a bheith againn ar an láthair.

Ray McGlynn agus Comhraiceoir Dóiteáin Homevalue

Ray McGlynn Uasal, Stiúrthóir Bainistíochta ag Lamberts Homevalue, Baile Haicéid:

Agus muid ag feidhmiú mar Shiopa Crua-earraí áitiúil, táimid fréamhaithe go maith sna pobail áitiúla, is iad ár gcustaiméirí iad agus braithimid orthu. Agus foireann againn anseo atá mar chuid den tseirbhís dóiteáin a chuidíonn le freastal ar na pobail seo agus iad a chosaint, is féidir linn rud éigin a thabhairt ar ais, ag cuidiú leo siúd a bhfuilimid ag brath orthu. Dá láidre atá ár bpobail áitiúla, is láidre atá ár ngnó. Ina theannta sin, is dea-chleachtas é baill foirne a bheith oilte i ngarchabhair agus i gcásanna práinnfhreagartha ar an láthair inár ngnó, agus tá súil againn le cúnamh Dé, nach mbeidh na scileanna seo de dhíth ach tugann sé suaimhneas intinne dúinn ag an am céanna.

Niall Jordan agus Stoneworld

Niall Jordan Uasal ag Stoneworld, Muine Bheag:

I mo bharúil féin, is é an buntáiste is mó ná go bhfuil Stoneworld ag déanamh a dhualgais phoiblí maidir le héascú a dhéanamh ar fhostaí a dhéanann post an-tábhachtach ar mhaithe le gach duine sa tsochaí.

John Nolan - Tesco

John Nolan Uasal Bainisteoir Ginearálta Tesco, Ionad Siopadóireachta FairGreen, Ceatharlach:

Ó thaobh chomhlacht ilnáisiúnta, corparáide agus pobal de, is é an rud ceart le déanamh ná Comhraiceoir Dóiteáin ar Áirithíocht a fhostú. Cuireann Seirbhís Dóiteáin & Tarrthála Cheatharlach a lán oiliúna orthu, rud a chuidíonn le m’fhoireann agus le mo chustaiméirí in am éigeandála. Bunaíonn na Comhraiceoirí Dóiteáin ar Áirithíocht an cultúr maidir le Sláinte & Sábháilteacht sa siopa freisin agus is féidir leo cuidiú le héigeandálaí leighis chomh maith.

Scroll to Top