Aslonnú

Bíodh “Plean Aslonnaithe” ullmhaithe agat duit féin agus do do theaghlach i gcás dóiteáin.

Plean Aslonnaithe

Tine ag bun an staighre

Má tharlaíonn tine i do theach, b’fhéidir go mbeadh ort éalú i gcoinníollacha dorcha agus deacra. Is féidir leis seo a bheith an-dúshlánach go háirithe má tá daoine i do theaghlach an-óg, aosta nó easlán. Beidh sé i bhfad níos éasca éalú ó dhóiteán má tá do bhealach éalaithe pleanáilte agat cheana féin agus má tá a fhios agat cá háit le dul. Bíodh gach duine i do theach páirteach ann agus iarr orthu smaoineamh ar phlean éalaithe. Coinnigh tóirse atá ag obair ar gach taisceadán cois leapa.

Má chloistear d’aláram deataigh ag bualadh:

  • Fan in aice leis an urlár agus téigh chuig an léibheann cheann staighre/an halla
  • Ba cheart go mbeidh sé seo sách glan ó dheatach, go háirithe má dhún tú do dhoirse an oíche roimhe
  • Téigh go dtí an doras tosaigh
  • Oscail an doras – ba cheart go mbeidh tú in ann an doras a dhíghlasáil gan eochair nó ba cheart go mbeadh a fhios agat cén áit a bhfuil an eochair in aice láimhe
  • Téigh chuig do phointe tionóil comhaontaithe
  • Cuir daoine ar an eolas. Ba cheart duitse nó do do chomharsa glaoch a chur ar 999/112
  • Fan amuigh!

Dún doras an tseomra ina bhfuil an tine

Smaoinigh ar bhealaí eile:

  • Cúldoirse
  • Doirse Paitió
  • Fuinneoga

    Déan iarracht fanacht socair:

    • Dún an doras agus úsáid tuáillí nó braillíní chun aon bhearnaí a bhlocáil
    • Déan do dhícheall do bhealach a dhéanamh chuig an bhfuinneog
    • Má bhíonn an seomra lán le deatach, déan do bhealach ar do lámha agus ar do ghlúine
    • Oscail an fhuinneog agus déan iarracht aird a tharraingt ort féin.

    Scroll to Top