
Sábháilteacht ó Dhóiteáin ar Scútar agus Rothar Leictreach
Comhairle sábháilteachta dóiteáin do scútair agus rothair leictreacha
- Home
- /
- Sábháilteacht Dóiteáin
- /
- Sábháilteacht dóiteáin sa Bhaile
- /
- Sábháilteacht ó Dhóiteáin ar Scútar agus Rothar Leictreach
Tá scútair leictreacha, rothair leictreacha agus gléasanna comhchosúla faoi chumhacht ceallraí ag éirí níos coitianta ar fud na hÉireann. Cé go dtugann siad bealach áisiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol chun taisteal, bíonn rioscaí tromchúiseacha dóiteáin ag baint leo freisin mura n-úsáidtear nó luchtaítear i gceart iad.
Tá na gléasanna seo faoi chumhacht ag ceallraí ian litiam. Nuair a dhéantar damáiste dóibh, nuair a dhéantar iad a róluchtú nó nuair a úsáidtear iad go mícheart, is féidir leis na ceallraí seo a róthéamh, dul trí thine, nó a phléascadh go tapa, rud a chruthaíonn teas dian agus deatach tocsaineach.
An Riosca a Thuiscint
De ghnáth bíonn ceallraí ian litiam sábháilte nuair a úsáidtear i gceart iad, ach is féidir tine a tharlú má bhíonn siad:
- Róluchtaithe
- Damáistithe nó lochtach
- Gearrchiorcadta
- Nochtaithe d’uisce nó do dhálaí foircneacha
I gcásanna áirithe, is féidir le ceallraí dul isteach in “imoibriú teirmeach ó smacht”, nuair a lasann siad agus a dhónn siad go fíochmhar, go minic thar smacht gnáth-threalamh comhraicthe dóiteáin.
Ag Ceannach go Sábháilte
Chun an riosca a laghdú ón tús:
- Ceannaigh i gcónaí ó mhiondíoltóir creidiúnach
- Seiceáil go bhfuil fíormharc CE ar an táirge
- Cinntigh go bhfuil sonraí an mhonaróra ar an bpacáistíocht
- Faigh teicneoir inniúil chun iniúchadh a dhéanamh ar fheistí athláimhe
Is mó seans go dteipfidh ar tháirgí ar dhroch-chaighdeán nó táirgí góchumtha agus a bheith ina gcúis le dóiteáin.

Sábháilteacht Luchtaithe
Is é an luchtú an ghníomhaíocht leis an riosca is airde do scútair agus rothair leictreacha.
Lean na príomhrialacha sábháilteachta seo:
DÉAN AN MÉID SEO A LEANAS:
Ná húsáid ach an luchtaire a sholáthraítear nó luchtaire athsholáthair ceadaithe
Luchtaigh lasmuigh más féidir
Luchtaigh in áit nach gcuireann bac ar bhealaí éalaithe
Díphlugáil nuair a bheidh sé luchtaithe go hiomlán
Maoirsigh luchtú nuair is féidir
NÁ DÉAN AN MÉID SEO A LEANAS:
Luchtaigh thar oíche nó gan duine i láthair
Luchtaigh nuair a bhíonn tú lasmuigh den bhaile
Luchtaigh ihallaí nó in aice le bealaí amach
Luchtaigh i limistéir chomhchoiteanna d’árasáin (is bealaí éalaithe faoi chosaint iad seo)
Clúdaigh an gléas agus tú á luchtú (ceapann sé seo teas)
Is féidir le luchtú i hallaí nó bealaí éalaithe bac a chur ar aslonnú i gcás dóiteáin agus tá sé an-chontúirteach.
Comharthaí Rabhaidh maidir le Teip Ceallraí
Stop ag úsáid do ghléas láithreach má thugann tú faoi deara aon cheann díobh seo a leanas:
- Boladh dó
- Fuaimeanna siosctha nó pléasctha
- Scaoileadh deataigh nó gáis
- Teas iomarcach
- Iompar neamhrialta nó fadhbanna luchtaithe
D’fhéadfadh siad sin a léiriú go bhfuil an ceallra ag teip agus go bhféadfadh sé dul trí thine.
Comhairle Deiridh
Cé go mbíonn scútair leictreacha agus rothair leictreacha sábháilte i gcoitinne nuair a úsáidtear i gceart iad, is féidir le droch-chleachtais luchtaithe, stóráil neamhshábháilte, nó táirgí ar chaighdeán íseal tinte a thionscnamh a scaipeann go gasta agus a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha. Is féidir le tinte ceallraí scaipeadh go tapa agus múch an-tocsaineach a scaoileadh, rud a d’fhéadfadh a bheith marfach.
Is féidir le réamhchúraimí simplí do theach, do bhealach éalaithe agus do shaol a chosaint.

