
Aslonnú
Bíodh “Plean Aslonnaithe” ullmhaithe agat duit féin agus do do theaghlach i gcás dóiteáin.
Plean Aslonnaithe

Má tharlaíonn tine i do theach, b’fhéidir go mbeadh ort éalú i gcoinníollacha dorcha agus deacra. Is féidir leis seo a bheith an-dúshlánach go háirithe má tá daoine i do theaghlach an-óg, aosta nó easlán. Beidh sé i bhfad níos éasca éalú ó dhóiteán má tá do bhealach éalaithe pleanáilte agat cheana féin agus má tá a fhios agat cá háit le dul. Bíodh gach duine i do theach páirteach ann agus iarr orthu smaoineamh ar phlean éalaithe. Coinnigh tóirse atá ag obair ar gach taisceadán cois leapa.
De ghnáth, is í an tslí is simplí an bealach amach is fearr.
Má chloistear d’aláram deataigh ag bualadh:
- Fan in aice leis an urlár agus téigh chuig an léibheann cheann staighre/an halla
- Ba cheart go mbeidh sé seo sách glan ó dheatach, go háirithe má dhún tú do dhoirse an oíche roimhe
- Téigh go dtí an doras tosaigh
- Oscail an doras – ba cheart go mbeidh tú in ann an doras a dhíghlasáil gan eochair nó ba cheart go mbeadh a fhios agat cén áit a bhfuil an eochair in aice láimhe
- Téigh chuig do phointe tionóil comhaontaithe
- Cuir daoine ar an eolas. Ba cheart duitse nó do do chomharsa glaoch a chur ar 999/112
- Fan amuigh!
Mura bhfuil tú in ann an gnáthbhealach a úsáid chun éalú.
Dún doras an tseomra ina bhfuil an tine
Smaoinigh ar bhealaí eile:
- Cúldoirse
- Doirse Paitió
- Fuinneoga
Má tá tú sáinnithe mar gheall ar an tine.
Déan iarracht fanacht socair:
- Dún an doras agus úsáid tuáillí nó braillíní chun aon bhearnaí a bhlocáil
- Déan do dhícheall do bhealach a dhéanamh chuig an bhfuinneog
- Má bhíonn an seomra lán le deatach, déan do bhealach ar do lámha agus ar do ghlúine
- Oscail an fhuinneog agus déan iarracht aird a tharraingt ort féin.