Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin, 2025

  1. Home
  2. /
  3. Sábháilteacht Dóiteáin
  4. /
  5. Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin, 2025

13ú Deireadh Fómhair – 19ú Deireadh Fómhair 2025

Téama: “Ag Cosc Dóiteáin le Chéile”

Tá sé mar aidhm ag Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin sábháilteacht dóiteáin a fheabhsú, go háirithe sa bhaile.

Ar Shábháilteacht Dóiteáin sa Phobal a bheifear ag díriú i mbliana don tSeachtain Sábháilteachta Dóiteáin. Leagfar béim ar aire a thabhairt dá chéile agus cuidiú le daoine níos leochailí sa bpobal.

Táimid go léir ábalta a gcuid féin a dhéanamh chun ár gcuid pobail a choinneáil Slán ó Dhóiteán trí chomhairle/leideanna simplí, praiticiúla sábháilteachta dóiteáin a roinnt le comharsana, cairde agus daoine muinteartha. Seo roinnt leideanna maidir leis an tsábháilteacht dóiteáin:

  • Suiteáil aláram deataigh i ngach seomra (seachas an seomra folctha agus an garáiste) chun do theach a chosaint.
  • Glan do shimléar agus déan seirbhís ar do chóras teasa uair sa bhliain.
  • Úsáid sciath spréiche ar thinte oscailte i gcónaí.
  • Coinnigh múchtóir dóiteáin agus pluid dóiteáin atá oiriúnach sa gcistin.
  • Folmhaigh luaithreadáin sula dtéann tú a chodladh. Cuir faoin sconna iad sula gcuireann tú sa mbosca bruscair iad. Ná caith tobac sa leaba riamh, ná nuair atá tú tuirseach nó ag tógáil cógas.
  • Deisigh fearas lochtach láithreach nó cuir ceann nua ina ionad.
  • Déan seiceáil sciobtha maidir le sábháilteacht dóiteáin sula dtéann tú a chodladh.
  • Dún gach doras san oíche.

By regularly doing routine fire safety checks, following the STOP Fire steps, and by encouraging others to do the same, we can raise awareness of fire safety and safeguard our homes and our communities. Once a fire starts, it can be relentless, so it’s crucial to do everything possible to prevent one.

Gallery


Videos From Our YouTube Channel


Dave Carroll Explains Testing Smoke Alarms

Dave Carroll Explains Testing Smoke Alarms

Be Fire Safe @ School

Be Fire Safe @ School
Scroll to Top