
Staitisticí Dóiteáin
Staitisticí a bhaineann le cosc dóiteáin, gníomhaíochtaí briogáide dóiteáin, láithreacha dóiteáin, cúiseanna dóiteáin agus básanna dóiteáin.
- Home
- /
- Sábháilteacht Dóiteáin
- /
- Staitisticí Dóiteáin
Cuireann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta staitisticí maidir le dóiteáin agus glaonna éigeandála eile ar dhéileáil briogáidí dóiteáin na n-údarás áitiúil leo i rith na bliana ar fáil gach bliain. An Roinn a chuireann na staitisticí maidir leis an líon daoine a bhásaigh i dtine i dtoll a chéile don bhliain chomh maith. Tá na staitisticí bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ó na húdaráis dóiteáin agus is féidir féachaint orthu thíos.
Cúiseanna Dóiteáin
Le cúig bliana anuas (idir 2020 agus 2024), ba iad tinte simléir an phríomhchúis le tinte i dtithe in Éirinn arbh ionann iad agus 34% de na tinte ar fad ina raibh an chúis ar eolas Le riosca tinte simléir a íoslaghdú déan cinnte go nglantar do simléir uair sa bhliain ar a laghad agus bain úsáid as garda spréach le tinte oscailte. B’ionann dó bruscair agus 15% de na dóiteáin i dtithe, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le dramhaíl a dhiúscairt go sábháilte.

Básanna de bharr Dóiteáin
Le cúig bliana anuas, tharla 110 bás de bharr dóiteáin.
Bhí 60% de na daoine a fuair bás i dtine idir 2020 agus 2024 os cionn 65 bliain d’aois. Má tá gaol nó comharsa scothaosta agat, smaoinigh ar seiceáil isteach leo chun a chinntiú go bhfuil aláram deataigh ag obair acu agus go bhfuil plean aslonnaithe i bhfeidhm.
As na cúiseanna aitheanta dóiteáin as ar tháinig básanna, bhain 22% díobh le caitheamh tobac nó le hábhair chaitheamh tobac. Chun cabhrú leis na rioscaí dóiteáin a bhaineann le caitheamh tobac a laghdú, lean an chomhairle seo:
- Ná caith tobac sa leaba nó nuair a bhíonn tuirse ort
- Déan toitíní a dhiúscairt go cúramach i luaithreadán (ná cuir i mbosca bruscair riamh iad)
- Ná caith tobac in aice le hábhair inadhainte – is féidir le troscán, leapachas agus cuirtíní dul trí thine ón spréach is lú